Seachtain na Gaeilge
Agus mé ag ullmhú do mo chuid cainte tráthnóna inniu, d’fhéach mé siar ar an óráid a rinne mé an bhliain seo caite ar an ábhar céanna. Dá mbeinn leisciúil agus mé ag ullmhú, d’fhéadfainn an óráid sin a phriontáil amach chun í a úsáid arís. Go deimhin, creideann na Glasaigh san athchúrsáil agus b’fhéidir gur rud dearfach a bheadh ann. Tá pointí tábhachtacha ann ar fiú iad a athlua anseo inniu áfach. Luaigh mé anuraidh nach leor é an Ghaeilge a úsáid uair amháin sa bhliain, nó mar a dúirt mé ag an am:
tá baol ann go bhfuilimid ag caint linn féin, go ligtear do na Gaeilgeoirí cead na coise a bheith againn ar feadh uair nó dhó istigh sa Dáil agus beimid breá sásta ina dhiaidh sin.
Má táimid chun an Ghaeilge a léiriú mar theanga bheo oibre inár bParlaimint, ní mór dúinn a bheith réidh í a úsáid agus a bheith ullamh na seirbhísí aistriúcháin a bheidh de dhíth ar Bhaill nach bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu a mhaoiniú agus a úsáid, chun tacú leis an idirghníomhú dátheangach sin. Mar a dúirt mé anuraidh, tá dualgas ar ár meáin chumarsáide agus na meáin Bhéarla, go háirithe, clúdach cothrom agus leordhóthanach a thabhairt do ghnó parlaiminte a dhéantar trí mheán na Gaeilge.
É sin ráite, is dóigh liom go bhfuil sé tábhachtach Seachtain na Gaeilge a chomóradh agus an phróifíl mhéadaithe a thugann sé dár dteanga dhúchais a cheiliúradh. Tá sé tábhachtach ceiliúradh a dhéanamh freisin ar an dul chun cinn suntasach atá tar éis tarlú i leith na Gaeilge le bliain anuas. Is reachtaíocht thromchúiseach í Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 a mbeidh impleachtaí suntasacha dearfacha aici. Tá na spriocanna earcaíochta san earnáil phoiblí uaillmhianach agus, go deimhin, beidh sé deacair iad a chomhlíonadh. Tá na dualgais ar chomhlachtaí poiblí uaillmhianach mar an gcéanna. Tá na gealltanais atá ann chun seirbhís phoiblí a sholáthar trí mheán na Gaeilge do mhuintir na Gaeilge an-tábhachtach freisin. Tá fíorthionchar inláimhsithe dearfach ag maoiniú méadaithe do TG4, Údarás na Gaeltachta agus a leithéid ar ár bpobal Gaeltachta. Tugaim aitheantas don obair atá déanta ag an Aire, an Teachta Martin, agus ag an Aire Stáit, an Teachta Chambers, araon as ucht na forbairtí dearfacha seo a bhrú chun cinn. Léirigh siad go soiléir a dtiomantas agus spéis trí ghníomhaíochtaí nithiúla.
Úsáidfidh mé an chuid eile de mo chuid ama chun mo thuairim a athdhearbhú go dtugann forbairt na dtáscairí folláine nó well-being indicators i Roinn an Taoisigh deis ar leith dúinn chun cúrsaí teanga agus cultúir a chur i gcroílár ár gcinnteoireachta agus ár gcreat beartais. Go ginearálta, tá ár gcur chuige ag leanúint an OECD Better Life Index a ndéanann measúnú folláine i sochaí thar 11 gné agus tacaím leis an gcur chuige sin. Admhaítear go maith, áfach, nach n-éiríonn go maith leis an gcreat OECD maidir le tábhacht na teanga agus an chultúir d’fholláine daoine a mheas. Is laige é leis an gcreat. Tá samplaí dearfacha againn ar conas is féidir é a dhéanamh. Chuir an Nua-Shéalainn an 12ú hinnéacs lena creat folláine ar an gcúis seo go beacht agus ar bhealach atá infheidhme go díreach i gcomhthéacs na hÉireann. Déanann táscairí folláine na Breataine Bige obair níos fearr arís chun na gnéithe teanga agus cultúrtha seo a insileadh trasna a creat iomlán agus ba cheart féachaint uirthi mar eiseamláir best in class le leanúint. Is é seo an t-am chun é a dhéanamh, chun ár dteanga a bhreithniú inár dtáscairí folláine agus chun a ról inár bhféiniúlacht chultúrtha uathúil a aithint agus luach a chur uirthi. Bealach ciallmhar agus praiticiúil a bheadh ann dúinn Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh i gceart.