Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill
Gabhaim buíochas as an deis labhairt ar an mBille. De réir mar a thuigim, níl sé ar intinn ag an Aire Stáit cur ina choinne agus tacaím leis an seasamh sin. Níl an Bille gan locht agus aithním go bhfuil ceisteanna tromchúiseacha ardaithe ag an Aire Stáit ach cabhróidh an díospóireacht seo agus, má théann an Bille ar aghaidh, díospóireacht an choiste le deacrachtaí atá ann a aimsiú.
Ba in 2012 a cuireadh deireadh le toghcháin do bhord Údarás na Gaeltachta, agus braitheadh ó shin gur chruthaigh an cinneadh sin achar éigin idir an t-údarás agus na pobail a bhfuil sé ceaptha freastal orthu. Tugaim faoi deara go bhfuil roinnt gealltanas sa chlár Rialtas a bhaineann le hÚdarás na Gaeltachta atá luaite cheana ag an Aire Stáit. Ina measc siúd a bhaineann leis an díospóireacht seo, tá athbhreithniú a dhéanamh ar struchtúir eagraíochtúla agus rialachais Údarás na Gaeltachta, lena n-áirítear an próiseas roghnúcháin agus toghcháin don bhord; agus athbhreithniú an fhorais riaracháin ar neartú an daonlathais áitiúil agus an t-athbhreithniú ar rialachas Údarás na Gaeltachta a thabhairt faoi deara. Tagann an díospóireacht tráthnóna inniu leis na gealltanais seo. Sa chomhthéacs sin is díospóireacht an-úsáideach í, agus gabhaim buíochas le Teachtaí Shinn Féin, an Teachta Ó Snodaigh go háirithe, as an mBille a chur chun tosaigh agus leis an Aire Stáit agus lena oifigigh as an rannpháirtíocht dhearfach atá á dhéanamh acu leis sin.
Tá sé ar cheann de bhunphrionsabail an Chomhaontais Ghlais go ndéanfaí cinntí ar an leibhéal is ísle gur féidir, nó ar phrionsabal na coimhdeachta. Caithfimid a cheistiú go macánta an urramaímid an prionsabal sin le deireadh a chur leis an gceangal díreach sin idir bord an údaráis agus muintir na Gaeltachta. Aithním a bhfuil ráite ag an Aire Stáit faoin dlúthbhaint idir an t-údarás agus muintir na Gaeltachta.
An fháilte ghinearálta sin ar leataobh, déanfaidh mé trácht ar chuid de na forálacha sonracha den Bhille a bhféadfaí feabhas a chur orthu má tá an Bille seo le dul ar aghaidh. Ar an gcéad dul síos, beidh gá ann an sainmhíniú ar theideal an Aire ábhartha a athrú chun freagrachtaí reatha na Roinne a léiriú. Ar an dara dul síos, d’fhéadfaí a mheas an bhfuil sé níos oiriúnaí don bhord féin cathaoirleach a thoghadh seachas don Aire an ceapachán a dhéanamh. B’fhéidir go bhfuil cúis mhaith ag Sinn Féin maidir leis an bhfoclaíocht atá ann faoi láthair, ach tá sé sin ar cheann de na rudaí ar mhaith liom a mheas go mion. Ar deireadh, táim tar éis labhairt leis an Aire Stáit féin agus leis an Aire, an Teachta Darragh O’Brien, ar an gceist seo agus is fiú smaoineamh ar cheart go mbeadh ról ag Údarás na Gaeltachta i soláthar tithíochta i gceantair Ghaeltachta, go háirithe tithíocht inacmhainne do Ghaeilgeoirí. Beidh gá leis an bpríomh-Acht a leasú chuige seo, ach ag cur san áireamh an géarghanntanas tithíochta cuí sa Ghaeltacht agus an ghéarchéim teanga atá ann freisin, b’fhéidir gur fiú breithniú air seo.
Mar Phort Láirgeach, chaithfinn tagairt a dhéanamh d’alt 29(1)(g) a d’fhágfadh, dá n-achtófaí an Bille mar atá sé, Gaeltacht na nDéise mar dháilcheantar do thoghcháin an údaráis. Tá ceantar beag Gaeltachta againn i bPort Láirge – small, but perfectly formed, mar a deirtear. B’fhéidir go bhfuil claonadh ann i bPort Láirge dearmad a dhéanamh gur contae Gaeltachta sinne, agus b’fhéidir go mbeadh an claonadh ann dearmad a dhéanamh orainne go náisiúnta freisin. Mar sin, tá sé tábhachtach go n-úsáidfimid ár nguth agus go gcinnteoimid go gcloisfear sinn, go gcloisfear Gaelainn binn na nDéise. Má théann an Bille seo ar aghaidh, is foráil thábhachtach é seo maidir le ceantar Gaeltachta na Rinne, muintir na Rinne agus muintir Phort Láirge.
Mar fhocal scoir, gabhaim buíochas le Sinn Féin as an mBille a thabhairt chun tosaigh agus leis an Aire Stáit as a rannpháirtíocht inniu.